Beartas Príobháideachais

Ráiteas Príobháideachais na Gníomhaireachta Bainistíochta Rialtais Áitiúil

Coinníonn an Ghníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil an suíomh gréasáin seo. Urramaíonn an Ghníomhaireacht do cheart chun príobháideachais agus ní bhaileoidh sí aon fhaisnéis phearsanta fút ar an suíomh gréasáin seo gan do chead sainráite. Déileálfar le haon fhaisnéis phearsanta a chuireann tú ar fáil leis na caighdeáin is airde slándála agus rúndachta, de réir na nAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988 – 2018.

Ní bhailíonn an suíomh Gréasáin seo aon sonraí pearsanta, seachas faisnéis a thugann tú go deonach má sheolann tú ríomhphost chuig servicecatalogue@lgma.ie. Ní úsáidtear aon fhaisnéis a sholáthraíonn tú ar an mbealach seo ach chun na críche a sholáthraíonn tú í.

Is féidir teacht ar Bheartas Cosanta Sonraí na Gníomhaireachta Bainistíochta Rialtais Áitiúil anseo.